School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Location:
- Tonreagh Lower, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- XML Page 313
- XML “Ré na Críostaíochta”
- XML “Erc Bréanainn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins na giotaí atá sgríbhte - ní'l agam acht buille fé thuairim dá thabhairt ar eachtraí móra na stáire. Ní h-aon mhaitheas bheith ag innsint go bhfuil an fhírinne in a lán atá sgríbhte idtaobh ré dorcha na págánachtta - már ní'l.Acht tháinig eólas ar ealadhain na sgríobhnóireachta go h-Eirinn lé linn Phádraig Naomhtha tímpal na bliadhna 432 A.D. agus táthar adhbhairín cinnte des na rudaí a thuit amach ó'n mbliadhain sin anuas - cé gur cailleadh a lán leabhar in-ar sgríobhadh na h-eachtraí.
- Is deallrach gurbh'é Naomh Erc a thug leis an creideamh fíor go Ciarraidhe Luachra. Is tre Co. Luimnighe a tháinig sé chúghainn. Tá áiteanna i gCiarraidhe Luachra fós go bhfuil ainm an naoimh sin ortha e.g. Tearmann Eirc.B'é an duine ba mhó cáil de dhaltaí Noimh Eirc, ná Bréanann Naomhtha. Deirtear go rugadh é siúd in-aice leis an bhFianait agus go bhfuair sé bronntanas 50 bó agus a gcuid laogh ó Mac Áirde, gur bhaist Naomh Erc é i dTobar na Molt. B'í Naomh Íde a mháthair oileamhna ó aois bliadhna dhó go h-aois 6 mblian, agus annsan gur cuireadh é go Naomh Eirc agus go raibh sé ag foghluim fé na athair oileamhna go dtí go raibh sé 'n-a fhear óg. Deireann an t-Athair urramach Ó Fearghusa gur in-Uaimh Bhréanainn (sa pharoíste seo) do rugadh é(continues on next page)