School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí

Location:
Tonreagh Lower, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 308

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 308

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
  2. XML Page 308
  3. XML “Na Ceiltigh”
  4. XML “Ogham Galláin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sgriobadh a h-ainm in-Ógham Chraobh"
    Cé gur marbhuigheadh an banlaoch seo tá sé ráidhte go bhfuair na Ceiltigh buadh ar na Tuatha De Danann agus gur chuireadar an tir fé na smacht.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do dheineadar úsáid de Ógham. B'é sin an saghas sgriobhnóireachta a bhí aca san Allód agus is ar ghallánaibh móra a ghearrtaí amach é. Tá cuid mhaith des na gallánaibh sin ar fúd an pharóiste: eg.
    (i) I mBaile an Fheadáin (6 mhíle taobh thoir theas de'n scoil so), tá gallán mór cloiche a mheadhann a chúig nó a sé thonnaí. Tá sé ocht dtroighthe ar aoirde agus tá lios nó saghas dúin timcheall air. Tá sé ina sheasamh i gceart-lár an dúna. Tá gallán eile (seacht dtroighthe ar aoirde) 'na sheasamh deich dtroighthe ó'n gcead cheann. Tá dhá sgéal i dtaobh na ngallán so: 'Sé an chéad cheann ná go raibh próca óir fé'n gceann mhór agus gur cuireadh an gallán 'n-a seasamh ann chun an ór do mharcáil nó chun an próca óir do chosaint. Tá sgéal éile 'n-a dtaobh atá cosamhail lé sgéal Fiannaidheachta. Tá sé ráidhte: lá dá raibh gaiscidhigh ag spaisteoireacht dóibh féin ar cliathán Sliabh Mis - go bhfacadar i bhfad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish