School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí

Location:
Tonreagh Lower, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 307

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 307

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
  2. XML Page 307
  3. XML “Ainmneacha Gaelacha na Dúthaí”
  4. XML “Na Ceiltigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ainmneacha Gaedhealacha na Duthaighe
    'Sé an t-ainm sloinne is líonmhaire atá sa dúthaigh anois ná "O Concubhair" = 32 chlainn; agus "O Liaghain" an tarna h-ainm = 16 clanna; agus O Brosnacháin an 3adh h-ainm = 12 chlainn.
    Cé go bhfuil 18 gclanna de sloinne "Riada" sa paróiste - Ní ainm Ciarraidheach "O Riada." Tháinig sliocht Chonaire adtuaidh ó Ultaibh go Ciarraidhe timpal 200 A.D. B'é Cairbre O Riada Mac Chonaire.
    Bhí Conchubhair mar taoiseach i gCiarraí Luachra chómh fada siar lé h-aimsir Chormaic Mhic Airt - le nar throid sé cath ar theórainn Chiarraidhe Luachra.
    Ainm a bhaineann lé Sliocht Ciarraí leis isead "O Liaghain" b'féidir go bhfuil baint ag an ainm seo lé Cathair Leithín.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Na deoraidhthe a tháinig go Ciarraí Luachra timpal na bliadhna 400 R.C. do thugadar leó teanga na h-Éireann agus eólas ar iarann.
    Cé go bhfuil ainmneacha abhann ABHANN agus a SLIABH sa duthaigh níos ársa ná an Gaedhilg teasbáineann sé seo go raibh daoine ann sar a dtáinig na Ceiltigh (e.g. Mis. Riagh. Muisire. srl.) Tár éis teacht idtír dos na Ceiltigh fé'n mbainrioghain Scotia in Inbhear Scéine do throideadar cath i nGleann Scoithín - (7 míle taobh thiar theas dinn) - in-ar marbhuigheadh an bainrioghan Scotia. Tá leac mhór sleibhe san áit in-ar cuireadh í
    "Do tógadh a liagh ós a leacht agus do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish