School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí

Location:
Tonreagh Lower, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 303

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 303

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
  2. XML Page 303
  3. XML “An Dúthaigh thart timpeall na Scoile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    timcheall míle-go leith tá cuid de Sléibhte Staic - agus soir ó thuaidh uatha san ta Gleann a' Ridire (timcheall 4 míle ó'n scoil) "ag bagairt a gceann thar dhruim a chéile" as san go teórainn Luimnighe.
    Ó dheas ó'n scoil timcheall a cúig no a sé míle tá Sliabh Mis agus na sléibhte eile atá sa raon chéudna (?) Barr trí gCam, Cathaoir Conroí, Binn ós Gaoithe, srl. Is féidir lé leanbhaí na scoile an raon mór maordha san d'fheicsint ó bhinn na scoile lá geal gréine nuair a bhíonn an spéir glan "gan scamall gan smúit".
    I bhfad ar an dtaobh theas de Sliabh Mis is fuirist Sleibhte eile d'fheicsint ag eirghe thar dhruim Sleibhte Mis. 'Siad na sleibhte san ná Cruacha Dubha Mhic Giolla Choda - a bhíonn go gorm gléineach fá lonnradh na gréine soillsighe.
    Timcheall 4 míle ar and dtaobh thiar de'n scoil tá baile mór-ghnóthach Tráighlí - suidhte ag Béal na Laoi (Letha) agus ar imeall na maighe míne mánla a ghabhann soir uaidh go dtí Oilean Ciarraidhe. Tá talamh maith méith i bfurmhór na mbailtí fearainn seo: agus "feirmeóirí móra" ann - cuid aca ar mhuin na muice agus cuid eile aca briste. Feirmeóireacht an gnó is mó atá ann, agus cothú stuic, ach faríor 'sé thuairim go bhfuil deire lé cothú beithíoch sa dúthaigh seo feasta. Tá cuid mhaith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    English