School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí

Location:
Tonreagh Lower, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Loingsigh

Filter stories

Back
/ 468 Forward
Resolution: Low | High
O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 302

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Seamus Ó Séaghdha.

Bhí na sagairt seo mar bhainisteóí indiaidh a chéile:- T. O Brosnachain, S Ó Laoghair, S Ó Leathlobhair, M. Ó Conchubhair, T. Treant, agus an t-Athair D. Ó Muineachain atá againn mar sagart paróiste fé láthair; agus b'iad na muinteóirí a tháinig indiaidh a chéile ná:- (i Scoil na mBuachaillí)
Seamus Ó Seaghdha, Domhnall O Cathail, Mícheal O Scanláin, R. Mac Ealaghóid, Muiris O Caoinleáin, P Ó Suilleabháin agus P. Ó Loingsigh.
Scoile bheag iseadh gach seómra ina bhfuil slighe do 46 dhaltaí dréir riaghlacha (10 dtroighthe cearnógacha igcoir gach dalta). Ach is minic a bhíodh 70 no 78 daltaí i ngach seómra.
B'iad na mná a bhí ag múineadh i scoil na gcailíní ná:-
Mrs F. McElligott, Mrs Dowling

Tá sí suidthe i dTóin Riabhach i dtalamh atá an íseal an-riasgach agus an-fhliuch. Tá abha na Letha (Laoi) ar an dtaobh thoir dí. 'Sí an abhá sin a ghabhann ó dheas agus siar ó dheas tré gleann fairsing leibhéalta saidhbhir go sroiseann sí Loch Foirdhreamain nó Cuan Tráighlí. Ar an dtaobh thuaidh de'n Scoil

(continues on next page)
Language
English