School: Moyderwell Convent of Mercy (roll number 13530)
- Location:
- Moyderwell, Co. Kerry
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Moyderwell Convent of Mercy
- XML Page 296
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)seisean "Nách bhfuilir-se amuigh chó-déanach. Níor labharadh fochal eile agus chuireadar chun bóthar, Seán ag dul ó thuaidh agus an fear eile ó dheas. Bhí fhios ag Seán go rí-mhaith go raibh rud éigin uathbhásach i ndán dó agus do bhearthuig sé casadh ach ní leigfeadh an t-eagla dhó é. Do shrois sé áit áithrid ar an mbóthar ar a dtugtar Carraig an Oighean. Do chonnaic sé spirid ag teacht ina threó i bhfuirm churráin agus spréácharnaigh ag eirighe as. Do bhí sé ar rith amach roimis i gcomhnuidhe go shroiseadar sruthán beag ag rith treasna an bhóthair. Tá sé ráidthe nách ndeachaidh le spirid dul treasna sruthan ar chor ar bith. Nuair a tháinig an spirid chómh fada leis an sruthán do stad sí agus d'imthigh sí as radharc an duine síos isteach ins an ngleann taobh thíos.Do lean Seán air agus é ag craithead ó bonn go bartheas le faithchíos agus le h-eagla. Nuair a shrois sí Tráighlí do bhí luath go leór ar maidin. Do dhíól sé chuid de's na prataí do dhuine éigin ins an mbaile ach do dhíol sé a bhfurmhór le sagart. D'innis sé a sgeul do'n sagart ó tosach deire i dtaobh mar a chas an fear leis agus an chaoí inar labhair sé(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Fóghlúdha
- Gender
- Female
- Address
- Lack, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál Ó Fóghlúdha
- Gender
- Male
- Address
- Lack, Co. Kerry