School: Moyderwell Convent of Mercy (roll number 13530)

Location:
Moyderwell, Co. Kerry
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0441, Page 293

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0441, Page 293

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Moyderwell Convent of Mercy
  2. XML Page 293
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall cúig blian déug is fichid ó shoin bhí fear ó'n Daingean ag dul go Corcaig le ím a dhíol ann. Cuaidh sé go Caisleán na Mainge de shiubhal chois agus thóg sé an traen as san go Corcaig. Díreach nuair a bhí sé ag dul thar tigh san Lic do chonnaic se bean bocht taobh amuigh d'á doras feín ag gol is ag olagón agus sluagh mór daoine ina tímcheall ag iarradh í a stad. Cuaidh an fear anall cúiche agus d'fhiafruig sé dí cad d'eirig léí. "Ó," ar sise, "ní raibh ach mac amháin agam. Ta sé tar éis bás d'fháhail anois agus níl oiread agam agus a cuireadh fé'n bhfód é." Do chuir an fear a lámh ina phócha. Tharraing sé amach cúig púnt agus thug dí é. Do ghabh sí buidheachas dó agus do bhog seisean chun bhóthair airís. Do chuaidh sé go Corcaig agus do dhíol sé an t-ím agus táinig sé abhaile lán t-sásta leis féin. Do cuireadh an buachaill. Sé mí ina dhíaidh sin bhí fear an Daingin agus beirt eile leis ag iascaireacht i mbágh an Daingin oidhche amháin. Bhí síad tamall amach san bhfairrge agus d'éirigh buachaill óg aníos ó'n t-uisge chúcha agus chuaidh sé isteach san mbád chúcha. Labhair sé leó go ládhach agus dubhairt sé leis an bhfear go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Fóghlúdha
    Gender
    Female
    Address
    Lack, Co. Kerry
    Informant
    Mícheál Ó Fóghlúdha
    Gender
    Male
    Address
    Lack, Co. Kerry