School: Moyderwell Convent of Mercy (roll number 13530)

Location:
Moyderwell, Co. Kerry
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0441, Page 266

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0441, Page 266

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Moyderwell Convent of Mercy
  2. XML Page 266
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí spriúnlóír mná in a cómhnuidhe i mBaile na Seilge fadó. Níor thug sí deirc do aon bhacach ríámh. Lá amháín dubhairt Eóghan Ruadh Ó Suilleabháin (an file) go raghadh sé cuaiche agus go mbeadh uirthe deirc do thabhairt dó. Do chuaidh. Nuair a bhí sé ag teacht cómhgarach do'n thigh do chualadh sé go raibh sí ag deanamh cuigine. Do chuaidh sé go doras an tighe ag do shiubhal sé isteach agus do bhuail sé isteach i dtreó na meidre agus do bhreith sé ar an loinithe agus do bhuail sé cúpla greas, agus le na linn sin dubhairt sé -

    Ím ar an gcuigeann seo,
    Agus ím na gcómharsan,
    Agus a bhfuil d'ím,
    Ó'n Snaidhm go Bólais.

    Di cheap an bhean go raibh aice, agus do chuaidh sí amach go mánla go tigh a' bhaine agus do tháínig sí isteach go maiseach agus bóla mór leamhnachta in a láímh aice agus do thug d'Eóghain é. Do shlog sé síár é go sásta agus do bhailig sé leis abhaile, agus is air a bhí na sceitimíni, agus gach duine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seósaimhín Ní Mheidhre
    Gender
    Female
    Address
    An Lóthar, Co. Kerry
    Informant
    Micheál Bán Ó Conraoi
    Gender
    Male
    Address
    Baile an Sceilg, Co. Kerry