School: Moyderwell Convent of Mercy (roll number 13530)
- Location:
- Moyderwell, Co. Kerry
- Teacher: Siúracha na Trócaire

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0441, Page 248
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Moyderwell Convent of Mercy
- XML Page 248
- XML “Carraig na Cúirte”
- XML “Faill na Saor”
- XML “Seanlios”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an gcarraig sin. Do shuidheadh an breitheamh anáirde ar an gcarraig núair a bhíodh an píanos dhá chur in iúil aige.(an seóladh céadhna)
- Faill ana árd é seo ós cionn Bádh Dhainghean Uí Chúise. Tá coiréal ag bun na faille agus geibhtear clocha ana mhaithe ann chun tighthe do thógail. Cúaidh triúr saor go dtí an coiréal ag lorg cloch agus thuit an triúr aca leis an bhfaill duine indhíaídh an duine eile agus tá "Faill na Saor" mar ainm ar an áit óshoin. Tá cáil ar Fhaill na Saor ar fúaid an pharoisde mar gheall ar na miongáin bhreághta a geibhtear ann.(an seóladh céadhna)
- Tá seana lios inaice le Caisleán na Mináirde agus tá droch cháil air. Deir na sean daoine ná raibh aon rath ríamh ar aoine a bhain leis.
Tá claidhe i bhfuirm fáíne mordtimcheall air agus tá plúaiseanna fé thalamh annso agus annsúd ar fúaid an leasa. Dhein daoine iarracht ar dhul síos ins na plúaiseanna le soillse acht do múchtaí an solus i gcómhnuidhe(continues on next page)- Collector
- Eibhlís Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry