Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)
- Suíomh:
- Moyderwell, Co. Kerry
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)in aoinfheacht le na driotháir. Núair a bhí sí ana óg do bhí sí féin agus leanbhaí an bhaile ag súgradh dóibh féín inaice leasa. Pé mí-ádh a bhí uirthe siúd do chuaidh sí isteach sa lios agus do thug amach léí seana-chorcán briste. Ní thúisge a bhí sí sa bhaile an lá san na d'eirig sí breóidhte agus as san amach bhí an "fios" aici. Oidhche amháin do bhí sí ina suidhe cois na teine. Deirig sí súas de phreibh. "Muise," ar sise, "nách mór an trúagha an fear bocht san thúas ar na Dúanta. Do thuit an bhó dob feárr a bhí aige le faill agus tá sí marbh anois." An lá na dhiaídh san do chuir muinntear an tighe duine éíginn go dtí tig an fhir agus bhí an bhó marb rompa. Thugadh na daoine maithe leó í gach oidhce agus bhainidís an sgaball di. Ar maidin deireadh sí le leanbhaí an baile, "rithídh síar agus faigídh mo sgaball atá ar thor beag taobh thiar de'n abhainn. Bhaineadar díóm aréir íád." Théíghidís síar agus bhíódh an sgaball ann i gcómhnuidhe.Oidhce amháin dúbhairt sí go mbeadh sí féín ag dul leis na daoine maithe anocht. Dúbaradar na leigfhidis(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry