School: Moyderwell Convent of Mercy (roll number 13530)

Location:
Moyderwell, Co. Kerry
Teacher:
Siúracha na Trócaire

Filter stories

Back
/ 346 Forward
Resolution: Low | High
Moyderwell Convent of Mercy | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0441, Page 223

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

ghiorra dí agus dheineadh sí é do sciomadh. Annsan bíodh ím na cómharsan aici i dteannta a chuid ime féin. Bhí na daoine bochta creachta aici agus ní raibh a fhios aca cad a dhéanfhaidís. Ar deire chuireadar an sgéal ar shúilibh an tsagairt. An seachtmhain na dhíaidh sin dfan an sagart ag faire uirthe agus ar gach ceann a thóghadh sise as an abha do thógadh an sagart dhá cheann. Núair a chuaidh an bean abhaile an lá shan ní raibh aon ím ann roimpe agus ní raibh a fhios aici cad a thárla acht núair a dúbhairt an sagart léi go raibh sé féin ag an abhainn chómh maith do thuig sí go maith go gcuirfheadh an sagart deire le na cuid piseóg agus níor dhein sí níos mó é.

(an seóladh céadhna)

Má bhíonn gamhain nó bó breóidhte geibheann fear áirighthe mála plúir agus búaileann sé an beitheadhach naoi núaire treasna an droma leis. Creidtear sa pharóisde go leigheasan sé sin an beithidheach.

(an seóladh céadhna)

Collector
Eibhlís Ní Shúilleabháin
Gender
female
Address
Minard East, Co. Kerry
Informant
Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
Gender
female
Address
Minard East, Co. Kerry
Language
Irish

Tá lios sa pharoisde agus sé gnáth thúairim na ndaoine go bhfúil corcán óir folaighthe fé chrann mór droighinn atá i lár an leasa. Cúaidh sean-duine

(continues on next page)