Timpeall le triochad bhliain ó sóin nuair ná ráibh aon t-slighe bheata ag na daoine mór timcheall na h-áite ach iascaireacht. Bhí dhá bád ag iascaireacht i mBágh an Daingean, taobh tiar de Oiléan na h-Inse agus do bháthadh iad. Bhí "Brúsgar" mar ainm ar ceann de's na bádaibh agus ná fhios cad abh'ainm de'n ceann eile. Do bhí cúighear nó seisear fear ó leac ar an mbád darbh ainm "Brúsgar". Gearaltach ab'eadh duine díobh agus Dómhnaill ab'ainm do dhuine eile. Do bhíodar amuigh ist d'oidhche ag iascaireacht. Do bhí an oidhche an-stoirmeach agus do casádh na báid taobh thíos thuas. Do tháinig an Ghearaltach isteach i mbarra taoide agus rug Uí Domhnaill ar maide rámha agus do sábáileadh é. Do dhein máthair Uí Domhnaill amhrán mar geall air. Seo é: - "An Gearaltach mór 'Sa tóin go fuair Agus é caithte suas ag an taoide; Dómhnaill mo mhaoin Fear chothaig an tighe Do thug mac Muire saor é.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »