Cúpla céad blian ó shoin do chómhnuig i gCill tSeanag atá suidhte ceitre míle ó Caisleán Uí Ghreaghaire fear darbh ainm dó Tomás Ó Mórdha. Lá amhán nuair a bhí sé ag bailiughadh ualaig feamnaighe 'sna collathaois comhghara do'n baile, thug sé fé ndeara mermaid in a suidhe ar charraig in giorracht dó. Bhí sí ag cíoradh a cuid gruaige ór-buidhe, agus a caipn draoidheachta len'a taoibh. Amach le Tomás, gan mórán fothrama a dhéanamh, goid an caipín agus as go bráth abhaile leis. Lean an maighdean é, agus d'iarr an caipín air ach ní thabharfadh sé di é ar ór ná ar airgeag agus séard a dhein sé ná é do chur i bhfolach. Do pósadh iad agus bhí triúr sa clann aca - beirt mac agus
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »