School: Clochar na Trócaire, Moyderwell, Tráighlí

Location:
Moyderwell, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Antoin

Filter stories

Back
/ 427 Forward
Resolution: Low | High
Pósaithe

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0440, Page 393

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

An Inid an t-am is mó a phósann daoine san áit seo. Dar le daoine is mí-ráthmhar posadh Dé Luain no De h-Aoine i mí Bealtaine nó i mí Meadon Fógmhair.

Deirtí fadó go dtéigheadh na daoine non-pósta nár pósadh insan Inid go dtí Carraig Scealg. Théightí mór-timcheall le téad agus thugtí ná daoine nár phósadh insan Inid go Carraig Scealg mar a deirtí. Gach Inid sgríobhann cúpla duine amhrán ag magadh fé's na daoine nár pósadh insad Inid. "Skelligs List" a tugtar air.
Deintear cleamhnaistí im' chenntar. Airgead is ghnáthaighe a tugtar mar spré. Uaireannta tugtar stoc nó píosa talmhan. San t-sean aimsir théigeadh cáirde na mná go tigh an buachalla agus biotáille aca. Annsar deireadh siad gur thánadar chun cleamhnais a dhéanamh. Thógadh gach duine gloine de'n bhiotáille. Bhíodh siad ag áiteamh

(continues on next page)
Language
Irish