School: Scoil na mBráthar, Tralee (roll number 16704)

Location:
Tralee, Co. Kerry
Teachers:
Mícheál Ó Ruairc Ss. Ó Ruacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0439, Page 052

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0439, Page 052

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Tralee
  2. XML Page 052
  3. XML “An tAthair Domhnall Ó Súilleabháin agus an Buachaill Tagartha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhi an tAthair Domhnall Ó Súilleabhain ag dul ag léigheamh an Aifrinn i n-Uibh Rathaigh maidin Domhnaigh áirithe bhi sgata garsún ag imirt báire iománuidheachta ar an mbóthar. Tháinig ceann de's na garsúin treasna ar gharsún eile agus dubhairt sé leis "T-anam chun diabhail, fair deas". Le linn dó na bhfocal do rádh cé phreabfadh isteach ortha acht an sagart. "Nach cóir duit bheith ag an Aifreann ná bheith ag eascainighe annso" arsan sagart leis. D'fheac sé siúd ar an sagart agus dubhairt leis "beimid ann chomh luath leat-sa". "Nach tagartha an garsún thú" arsa'n sagart "b'fhéidir ná fuil do phaidreaca chomh maith agat". "Tá siad agam chomh maith agus múineadh dom iad" arsan garsún. Do dhruid an sagrt leis isteach agus láimhsigh ar chluais air. D'fiafruigh sé dhe an mó dia a bhí ann "bog de'm chluais" arsan garsún "agus n-eosfaidh me dhuit é". D'fháisg an sagart an chluas aige. D'fiafruigh sé dhe arís an mó dia a bhí ann. "bog de'm chluais" arsan garsún agus n-eosfaidh mé dhuit é".D'fáisg an sagart arís go maith aige agus d'fhiafruigh sé dhe an mó dia a bhí ann. Bhog sé annsan dá chluais agus dhruid an garsún uaidh amach agus d'iompuigh sé ar an sagart agus dubhairt "Tá's ag dia" ar sé " dá mbeadh lán páirce acu ann má n-eosfainn aon cheann amháin anois duit".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    M. O Ruairc
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Pádraig Ó Maoileoin
    Gender
    Male
    Age
    49
    Address
    Baile na nGall, Co. Kerry