School: Scoil na mBráthar, Tralee (roll number 16704)

Location:
Tralee, Co. Kerry
Teachers:
Mícheál Ó Ruairc Ss. Ó Ruacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0439, Page 051

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0439, Page 051

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Tralee
  2. XML Page 051
  3. XML “Steaimpí i.e Ciste a Dheintear de Phrátaí”
  4. XML (no title)
  5. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deintear prátaí fuara (raw) a bhriseadh suas le h-iad a scríobadh ar ghráta go mbeadh siad chomh mín le bran é do chur isteach i bpíosa éadaigh agus an t-uisce d'fháisceadh go maith as. Nuair bheadh sé drim é d'fliuchadh le h-uachtar agus císta a dhéanamh agus é do bhácháil annsan. Uaireannta cuirtear plúr ann leis acht is níos so-bhlasta é gan plúr.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Seán Ó Dálaigh agus mála mine aige...

    "Seán Ó Dálaigh agus mala mine aige
    Agus dhá chéad práta sáidhte sa teine 'ge
    Práta 'na láimh agus práta á ithe aige
    Agus do thabharfadh sé an leabhar go n-íosfadh sé thuille'ca."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish
    Collector
    M. O Ruairc
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Tomás Ó Cinnéide
    Gender
    Male
    Address
    An Charraig, Co. Kerry
  3. (no title)

    Ná cuir an iomad de'd stór i dtaisge do'd chlainn...

    "Ná cuir an iomad de'd stór idtaisge do'd chlainn
    As Rún mná dá bíodh do mhuinighin
    Go dtéightear do'n tuagh i n-aice an mhuiníl
    Ar an dté thabharfadh a chuid ar fad domhac no d'inghin"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.