School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)

Location:
Chapeltown, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó hAiniféin

Filter stories

Back
/ 286 Forward
Resolution: Low | High
Baile na hEaglaise (Chapeltown) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0438, Page 243

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá a lán daoine go bhfuil an t-Súil Nimhneach so aca a deir Bean Uí Parcéir liom & ná fuil fhios aca é & dá bhrigh sin ní cionntach iad má dheineanns siad díobhbháil léi. Ach tá a lán eile go bhfuil fhios aca í bheith aca & níl aon teóra leis an gcontacht(?) ? uilc atá innte.
Má’s maith le duine aca so d’fheadfaidís feirmeóir a chreachadh leis an t-súil. Má fheuchann siad go géur ar ainmhidhe ar bith tá deire le na Ré - sínfear an t-ainmhidhe san gan ró-mhoill.
Má bhíonn daoine ag feuchaint ar chapall nó bó deirid de ghnáth “Bail ó Dhia air” ach ní deurfaidh lucht na Súl Nimhneach go bráth é - sin teist agat ar iad d’aithint.
Is cuimhin léi féin bó bhreagh bainne a bheith aca agus an lá airighthe seo buail comharsa mná leó & iad á seóladh abhaile chun a gc?dthe. Thosnuig sí ag m?uchadh na bó so & á moladh go h-árd ach ní chualathas aon “bail ó Dhia uirthi” mar ba ghnáth. Trí seachtmhaine na diaidh sin níor bhfuí trí leath-pingne an bhó céadna. Tháinig gach aon mard(?) d’á dtáinig ar bhó riamh anuas sa mhullach uirthi ach cé nár cailleadh í b’éigean dóibh í dhíol ar fhíor-bheagán.
Níor deineadh amach riamh a deirtear liom

(continues on next page)
Collector
Míchéal Ó hAinféin
Gender
male
Occupation
múinteoir
Address
Tralee, Co. Kerry
Language
Irish