School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- Location:
- Chapeltown, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó hAiniféin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an céad scoil a deir Micheál Mac Carthaig, Barrún, a rugadh 1862 agus a chuaidh ar scoil annso, scoil scarta a b'eadh é i mbothán beag in aice le tig Garmhaic anois cois na h-abhann thíós - bhíodh Laidin a mhúineadh aige ach ní cuimhin leis a ainm.Sé Tadhg Ó Garmhaic a thosnuig ar dtúis a múineadh sa sean-eaglais. Bhí comhnuighe air i mBarrún agus shiúbladh sé gach aon lá ar scoil. Bhí Gaodhluin mhaith aige agus a lán Gaodhlainne ag muinntir na h-áite san am san. Sé a mhac Seán Ó Garmhaich a lean é ón mbliadhain 1891 go dtí 1919. Cailleadh Seán Ó Garmhaic leis an bhFliú Samhain 1918 agus sé Micheál Ó h-Aninféin ó Liospóil, an Daingean a tá ann ó 1919 anuas. Dréir deallraimh bhí cruadh-shaoghal aca sa seana scoil tuighe - mar bhí braon anuas is aníós ortha, toisg an droch-cheann a bheith air agus bhí úrlár chré air a bhíódh go fliuch salach neamh-chómpordach. Bhí iachall ar gach aon dalta an fód móna a thabhairt leis ag teacht air scoil do i gcóír na teine.Sé tuarastal a bhí ag an gcéad máighistir ag tosnughadh sa seana-scoil ná £12 sa bliadhain. Bhí bean Uí Loinsigh - née Connor - na cognantóír i dteannta Tadhg Garmhaic sa seana-scoil. Bhí na múinteóirí seo leis ann na dhiaidh san Bean Uí Harmáin agus ingean Uí Cólmáin ó Co. Corcaighe go raibh a drifiúr ag múineadh sa Spa(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó hAiniféin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Tralee, Co. Kerry