School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)

Location:
Chapeltown, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó hAiniféin

Filter stories

Back
/ 286 Forward
Resolution: Low | High
Roinn na Teangan

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0438, Page 191

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Ó Seán Ó Súilleabháin go raibh comhnuighe air i mBaile-na-hEagloise in aice na Scoile seo a fuaireas na giotaí beaga so sa bhliadhain 1920. Bhí sé 73 bliadhna fé'n am san agus cailleadh é 12 bliadhna ó shoin. Ní raibh sé in ann sgríobhadh ná leigheamh ach bhí Gaodhlinn bhriste aige.


(a)
"Addition a chealg thú is a chráidh do chroidhe
Addition a leanfaidh thú go raghair 'an Chill
B'usa liom an Mhucallach a thabhairt i dtír
Ná Addition a chur ceangailte id mháinléad cinn."
Sean-mháighistir scoile in Árd-Fheorta a raibh dalta dúr á mhúineadh aige a cheap an ruacán san do, a dubhairt sé liom. Carraig mhór árd amuigh sa bhágh annso, seadh an Mhucallach.

(b)
Tosach long clár
Tosach átha clocha
Tosach Flatha Fáilte
Tosach sláinte codhladh
Deire long í bháthadh
Deire atha í losgadh
Deire flatha cómeadh (?)
Deire sláinte osna

(c)
Ó raghaimíd ag ól is a' pógodh na mban
Ó raghaimí ag ól is a' rinnce le ceól
Is is breagh bheith ag ól
Is a pógadh na mban.

(continues on next page)
Collector
Míchéal Ó hAiniféin
Gender
male
Occupation
múinteoir
Informant
Seán Ó Súilleabháin
Gender
male
Address
Chapeltown, Co. Kerry
Language
Irish