School: Curry (C.) (roll number 12067)

Location:
Curry, Co. Sligo
Teacher:
Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0621

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0621

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curry (C.)
  2. XML Page 0621
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá colceathair agam féin agus Mata an t-ainm atá air. Is spóirtín é agus ní raibh rásaí ná cruinniú ins an gceanntar ina gcómhnuigheann sé le fiche blian nach raibh Mata bun agus barr de. ’Sé an áit a chómhnuigheann sé innte ná i gCnoc
    na Spollagadán. Ar chuma ar bith tá Mata pósta le mnaoi geanamhail agus Peigí is ainm dí.
    Timcheall ráithe ó shoin bhí Mata ag an margadh i mbaile Cathail agus tháinig sé ina cheann go gceannóchaidh sé bríste nua le h-aghaidh na rásaí i dTobar a’Coire. Rinne sé amhlaidh agus chuir sé i n-umhail do siopadóir céard a bhí uaidh agus thógh sé ceann feileamhnach mar a cheap sé agus thug punt air. Nuaira tháinig sé abhaile sa tráthnóna ní raibh sé sásta go gcuirfeadh sé an bríste nua air ach! mo chreach is mo chrádh bhí an bríste ag sguabadh an t-urlár agus gan méid a méara a chos le feiceál. Bhí na pócaí síos ag na glúin.
    D’fhiafruigh sé de Pheigí a mbeadh sise i ndon trí órlaidhe a bhaint de’n mbun ach m’anam ach ní raibh am aici. Bhí drifúr
    do Pheigí ara laethe saoire sa tigh agus cheap Mata bocht go ndéanfaidh sise an obair do ach gídh nach raibh sí mór gránna na beag deas bhí sí mór le rá dár léithe féin ach ní raibh aon
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Ealbháird
    Gender
    Female