School: Curry (C.) (roll number 12067)

Location:
Curry, Co. Sligo
Teacher:
Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0601

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0601

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curry (C.)
  2. XML Page 0601
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Aon lá amháin bhí ár slánathóir agus beirt deisciobal leis ag suibhail ar bhruach fairrge agus chonnaic (chídheann) siad árthach sa chuan agus bhí an t-árthach ’á h-iompódh agus bád ós a cómhair amach. Do labhair ceann do sna deisciobail agus dubhairt sé: “A Mháistir”, ar sisean, “nach mór a’truagh an t-árthach san a bhádh agus gan aon chúis uirthí.” “Tá sí sin báithte mar aoine ’mháin,” arsan Slánathóir. D’imthigheadar orthu. Do bhíodar ag suibhál leó ar feadh tamaill agus do bhuail cuasnóg bheach leo. “Tóg í sin,” arsan Slánathóir leis an bhfear a labhair, “agus beir leat id do láimh í . agus ná mairbh aon cheann acu agus ná leig uait iad.” Fé cheann tamaill do chuir ceann de’s na bheachaibh cealg sa deisciobal agus do (chuir) bhrúigh sé na beacha agus níor fhág sé aon cheann na mbeachaidh aca. “Cá bhfuil na beacha,” adubhairt an Slánathóir, “a bhí agat?”. “Ó tá siad marbh agam,” ar seisean. “Mharbhuighis iad agus tubhairt leat
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0759: God's justice Vindicated
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Gallcobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Pattín Peyton
    Gender
    Female