School: Curry (C.) (roll number 12067)

Location:
Curry, Co. Sligo
Teacher:
Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0584

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0584

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curry (C.)
  2. XML Page 0584
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear bocht ann uair amháin agus bhí triúr cailíní aige. Ní raibh aige ach gaírdín breágh áluinn de cabáiste. Oidhche amháin tháinic ainmhidhe mór agus mhill sé an gairdín orra. An tarna oidhche chuir an t-athair an cailín ba shine ag tabhairt aire do’n ngaírdín. An oidhche sin tháinic an t-ainmhidhe airís agus thug sé leis an cailín ar a adharca, go dtí pálás breágh ar imeall na fairrge ag carraig dubh. Thug sé na ochracha go léir dí, agus dubhairt sé léi pé rud a bhí ag teastáil uaithi a thógaint ach gan dhul isteach i seomra faoi leith.
    Chuaidh sé ar a bhealach annsin agus d’fhág sé an cailín annsin. Ní raibh aoinne ’na chómhnaidhe sa pálás ach cat beag. Nuair a bhí sí ag cur faoi réir agus ag ithe a proinn bhí an cat ’na timcheall agus é ag iarraidh piósa a fhágháil uaithi, ach bhuail sí é agus chuir sí as a bealach é. Tar éis a dinneír chuaidh sí isteach sa seomra seo, agus cé bheadh ann ach corpaí na marbh. Léim braon fola suas ar a h-éadan agus níorbh fheídir léi é a bhaint as.
    Tháinic an fear arís agus an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0311: Rescue by the Sister
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Mhurtaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Jim Luke
    Gender
    Male