School: Curry (C.) (roll number 12067)
- Location:
- Curry, Co. Sligo
- Teacher: Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curry (C.)
- XML Page 0557
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean agus a chéile agus a gclann ann uair amháin agus do luigh Dia lámh ortha; cailleadh a fear agus cailleadh na leanbhaí ach aon leanbh amháin agus bhí an t-aon leanbh ag fáil bháis ins an gcliabhán. Oidhche amháin do bhuail an t-ógánach is breághtha gur las gaoth ná grian ariamh air agus do shuidh sé ar a h-aghaidh amach ar a’ dtaobh thall don teine, agus níor fhaca sí é ag teacht isteach, nó gur shuidh sé ar a h-aghaidh amach agus do sheinn sé suas a thrumpaí. D’iompuigh bean an chliabháin ar an nduine agus do bhí sí a’ féachaint air, agus do bhí an fear chomh breágh nach bhféadfadh sí a súil a thógaint dó. Do bhí sé tamall maith annsin agus é ag seinm na dtrumpaí agus í a’ féachaint air agus nuair a chas sí in a timcheall, is amhlaidh a bhí an leanbh caillte agus d’éirigh sé sin ’na sheasamh annsin agus do bhuail sé an doras amach.
Cúpla bliadhain ina dhiaidh sin bhí Stáisiúin ins an dteach. Dubhairt an sagart nach raibh aon pucaí ann acht dubhairt an bhean go raibh agus d’innis sí an(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Giollaruaidh
- Gender
- Female
- Informant
- Bid Martin
- Gender
- Male