School: Curry (C.) (roll number 12067)

Location:
Curry, Co. Sligo
Teacher:
Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0533

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0533

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curry (C.)
  2. XML Page 0533
  3. XML “An Bás”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cuirtear clúdach ar gach sgáthán san dteach nuair a bhíonn duine ag fáil bháis.
    Ní cheart an t-uisge agus an t-éadach le a níghtear corp a chur i bpoll in áit eicínt a mbeadh fasgadh ann.
    Díreach nuair atá an chómhnra ag dul amach an doras leagtar na stóla agus na cathaoireacha istigh ins an dteach.
    Ní fágtar deor amháin bainne ins an dteach nuair atár ag tabhairt amach cuirp.
    Cosa na cómhnra' i dtosach ar an mbealach go dtí an uaigh.
    Caithfidh trúir ban ar a laghad a bheith i láthair nuair a bíthear ag nígheadh cuirp.
    Má thuiteann duine isteach i roilig ní chóir dó éirghe nó go mbuailtear é le slam créafóige, má éirigheann sé sul a mbuailtear lé geobhaidh sé bás roimh deireadh na bliana.
    Nuair atá an uaigh dúnta is ceart do na gaoltaí is goire do'n té a cuireadh, siubhal treasna na h-uaighe trí h-uaire agus má déantar sin ní bheidh an brón ná an cúmha chomh mór orrra.
    Ní cheart an chómhnra a fhágháil ar an talamh ó fágtar an teach nó go sroichtear an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire S. Níc Dhuarcáin
    Gender
    Female
    Informant
    Beasy Kitty
    Gender
    Female