School: Curry (C.) (roll number 12067)

Location:
Curry, Co. Sligo
Teacher:
Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0531

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0531

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curry (C.)
  2. XML Page 0531
  3. XML “Béaloideas ó Co. Shligigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is ciotchainnta an rud na h-uirlisí a chur treasna na h-uaighe tar éis é a fhosgailt nó go dtagann an tsochraid. Chualas an sgéal seo.

    Uair amháin nuair a bhí Naomh Pádraig ag obair i dTír Amhalghaidh i gCo. Muigheó agus bhí buachaill aimsire aige darbh ainm Domhnaill. Sé an obair as mó a bhí idir lámha ag Domhnaill ná cipíní do bhailigh. Aon lá amhain agus é ag obair go cruaidh agus na cipíní aige agus iad ceangailte ní raibh sé in ann iad a thabhairt leis mar bhí siad ceangailte do'n talamh.
    Chuala Domhnaill duine éigin ag gáire agus dhearc sé ina thimcheall agus chonnaic sé fear sidhe agus é ag gáire. D'fiarfuigh an an fear sidhe de Dhomhnaill cé'n trioblóid a bhí air agus d'innis Domhnaill dó nach raibh sé in ann na cipíní a thabhairt leis. Dubhairt an fear sidhe go dtuibhrfadh sé congnamh do dá n-iarradh sé ar Naomh Pádraig cá rachad na sidheóga ar lá a' tSléibhe. D'iarr Domhnall ar Phádraig agus dubhairt sé go mbeadh siad uile caillte. Lá ar n-a bháireach as go bráth le Domhnaill agus spád agus sluasadh leis agus rinne sé uaigh do fhéin agus chuir sé na h-uirlisí treasna na h-uaighe agus léim isteach ins an uaigh. Níorb- fhada
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Giollaruaidh
    Gender
    Female
    Informant
    Páid Cáit Sheáin
    Gender
    Male