School: Curry (C.) (roll number 12067)

Location:
Curry, Co. Sligo
Teacher:
Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0529

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0529

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curry (C.)
  2. XML Page 0529
  3. XML “Bás”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a cailltear duine idtig 'n-a mbíonn clog ar suibhal stoptar an clog agus ní cuirtear ar suibhal arís é go mbíonn an duine curtha. Nós eile atá coitchiannta i gCo. Shligigh seardh gan an luath ó'n dteine a chur amach as an dtigh go mbíonn an socraid imthighthe. Déantar carn de le h-ais na teineadh nó cuirtear i sean bhuicéád í.
    Deirtear nach ceart deor a shuilt go ceann dhá uair a chluig tar éis an duine d'fháil bás. Fir is mó bhíos ar thórramh agus is mó fhanas ann go maidin.
    Ní cheart do mhnaoi aonrach dul isteach i dtig cuirp. Ba cheart bean eile bheith léi.
    Tugtar píosa de chré agus tobac do gach duine a théigheas isteach i dtigh ina mbíonn duine marbh. Tá buadh fé leith i maide cuill i n-aghaidh droch-sprideanna.
    Má tá duine le bheith curtha ar an Luan is gnáthach fód dé'n uaigh a ghearradh Dia Dómhnaigh.
    Níl sé sona éádach a ghearradh nó gruag a ghearradh ar an Luan.
    An duine is deireannighe chuirtear i roilig deirtear go mbíonn an duine sin ag tarraingt uisge chun na coda eile go dtagann duine eile.
    Ní théightear aon bhóthar nua le corp má's féidir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Giollaruaidh
    Gender
    Female