School: Curry (C.) (roll number 12067)

Location:
Curry, Co. Sligo
Teacher:
Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0522

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0522

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curry (C.)
  2. XML Page 0522
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tháinic an Mhaighdean Mhuire isteach i dteach agus Mac Dé ar a bocán aici agus níor fhág bean a' tighe istigh í. Chuaidh sí isteach i dteach eile annsin, agus d'iarr sí lóisdín agus d'fhág an bhean sin istigh í. Nuair d'imthigh siad ar maidin, d'fhiafruigh an Mhaighdean Mhuire do Mhac Dé céard a dhéanfadh sé leis an mnaoi nár fhág istigh iad. Dubhairt sé go dtiubharfadh sé dhá mhac déag dhí, agus chuile dhuine aca a bheith aice ar uair a báis. Agus d'fhiafruigh sí dó céard a dhéanfadh sé leis an mnaoi a d'fhág istigh iad. Dubhairt se go dtiubharfadh sé dhá mac déag dí, agus gan aon dhuine aca a bheith aici ar uair a báis.
    "Agus nach mór an mhaith atá tú ag déanamh ar an mnaoi a chuir amach muid thar an mnaoi a d'fhág istigh muid ? adeir an Mhaighdean Mhuire.
    "Muise" ar seisean, "beidh siad sin ag teacht 'n-a chúig aingeal déag roimh an mbean a d'fhág istigh muid gá treórú agus ag déanamh eoluis di go na Flaithis, agus ní bhéidh siad sin roimh an mnaoi eile chor ar bith".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Mhurtaigh
    Gender
    Female