School: Curry (C.) (roll number 12067)
- Location:
- Curry, Co. Sligo
- Teacher: Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curry (C.)
- XML Page 0518
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear bocht ann uair amháin agus bhí cúig punt aige, agus ní raibh fhios aige cé dó a dtiubhradh sé an cúig punt le cur i draisge dhó. Bhí sé, lá, ag siubhal an bhóthair agus cé casadh leis, acht an Tighearna Dia.
"Ce h.é tusa"? ars an fear bocht.
"Tusa an fear a driubhra mé mo chúig punta as le coimead dom."
"Coinneóchaidh misa duit é" ars an Tighearna.
Thug an fear an cúig punt dí agus sgaradar le chéile.
Ins an teach a ndeachaidh an fear bocht ar lóistín ann. Ins an oidhche, nuair tháinig am suipéir, d'fiafruigh fear an tighe dá mhnaoi a raibh sí ag réidteach greim suipéir.
"Níl againn acht béile" ar sise leis agus má itheamuid anocht é ní bhéidh greim againn le h-aghaidh an lae amáirigh."
"Réidhtigh an suipéar agus itheamuid anocht" ars an bhfear "agus bhéarfaidh Dia ár sáith dúinn ar maidin.
An dara oidhche bí sé ar lóistín i dteach eile agus bhí an cainnt céadhna aca. Chuimhnigh an fear bocht in a chroidhe go raibh fiacha(continues on next page)- Collector
- Máire S. Níc Dhuarcáin
- Gender
- Female