School: Curry (C.) (roll number 12067)
- Location:
- Curry, Co. Sligo
- Teacher: Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curry (C.)
- XML Page 0515
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear in a chómhnaidhe i gCo Shligigh uair amháín. Oidhche dubh dorcha agus é ag teacht abhaile ar a chapall bhí air dul tré choill mhóir . Nuair a bhí sé istigh i lár na coille tháinig car mór bán amach roimhe agus thug sé fogha faoi na mhuinéal . Choinnigh an fear amach uaidh é leis na laisge a bhí in a láimh aige agus laisg sé é agus laisg sé é gur thuit sé mín marbh ag a chosai. Sul a imtigh an dé deiridh as labhair sé agus dubhairt leis an bhfear.
'Nuair a ghabhfas tú abhaile innis do leaduide na luaithe gur mharbuigh tu Rí - chat na Páirce". Bhí go maith , nuair a chuaidh an fear abhaile d'innis sé an sgeál dá mhnaoí agus do chuid pháisdí . Bhí caitín beag sa teallach , d'éirigh sé de léim agus bheir se greim muinéil ar an bhfear agus tharraing sé an píobán as . Chuaidh an cat amach do léim tríd an bhfuinneóig agus ní fhachthas ariamh ó shoin é.- Collector
- Máire S. Níc Duarcháin
- Gender
- Female
- Informant
- Biddy Mc Gee
- Gender
- Female