School: Curry (C.) (roll number 12067)

Location:
Curry, Co. Sligo
Teacher:
Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0503

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0503

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curry (C.)
  2. XML Page 0503
  3. XML “Éanacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Má thagann cearc insteach san dteach agus tráithnín ar a ruball gheobhaidh duine éicínt bás.
    Ní cheart uibheacha a chur faoi gé óg.
    Níl sé sona gairm an choiligh a chloisteáil tar éis sé a chluig sa tráthnóna.
    Bíonn na sicíní a thagas amach i mí Mheithimh lag agus ní cheart uibheacha a chur i mí Mheithimh.
    Ní cheart blaosg uibhe a chur san dteine mar ní bheirfidh na h-éanacha uibheacha feasta.
    Is ceart cearc a ghlaodhann ar nós coiligh a mharbhadh.
    Dúisigheann na rudaí seo an diabhail:- bean ag feadghail
    Cearc ag grágghail.
    Nuair a cídhtear snag breac deirtear
    Aon do'n mhí-ádh
    Dó do'n ádh
    Trí do'n chrádh
    Cúig do'n airgead
    Sé do'n ór
    Seacht do'n rún faoi chlúid go deó.
    Nuair a bhíos dhá chirc ag troid tiocfaidh sráinséar.
    Nuair a fheictear dhá coileach ag troid pósfar duine.
    Nuair a bhíos na cearca ag sgriobadh faoi sgeich tá fearthainn ag teacht.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
        1. bird-lore (~2,478)
    Language
    Irish
    Collector
    Brígid Ní Éalbháird
    Gender
    Female
    Informant
    Mike John
    Gender
    Male