School: Cromán (B.) (roll number 12820)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Stiophán Ó Cobhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
An Gobán Saor agus a mhac.
Bhí croiceann caoireac lé díol ag an gobán saor. Dubairt sé le na mac dul go dtí an margad agus an croiceann do dhíol agus an croiceann agus a luach do tabhairt abhaile leis.
D’imthig an mac leis an gcroiceann agus ní thabarfad éinne luach an chroicheann agus an croiceann dó. bíodh gach éinne ag maghadh fé. Bhí sé ar an shlighe abhaile airís agus thánaigh sé go dtí sruthán a raibh cailín ag níghe éadaigh ar thaobh an bhóthair. Nuair a bheannuigheadar a chéile, d’fhiaraig sí de cá raibh sé. Dúbhairt an mac leí go gchuir a athair go dtí an margaidh é chun croiceann caoireach do dhíol agus an croiceann agus a luach do thabairt abhaile leis. Dúbhairt sí leis go raibh leigheas aici air. Do bhain sí an ollann d’en croiceann agus thug sí luach an ollann agus an croiceann dó, agus sin é an bhríg atá leis an seana rádh, fuair sé an croiceann is a luach.
Seán Ó Gríbhthín, Glaise, Cill-órglan, Rang VI, 12adh lá Mí na Nodlag 1938. Fúaireas é ó
Diarmuid Ó Suilebhain, Lónart, Cill-órglan 65 blian d’aois.- Collector
- Seán Ó Gríbhthín
- Gender
- Male
- Address
- Killorglin, Co. Kerry
- Informant
- Diarmuid Ó Suileabhain
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Lonart, Co. Kerry