School: Cromán (B.) (roll number 12820)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Stiophán Ó Cobhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (B.)
- XML Page 140
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timcheall 50 blian o shoin d'fág feirmeóir Oileán Stúaca i cárr- cliathanach agus chun airgeadh d'fhágailt san mbannch i dTráglí. Caith sé an lá ag ól deoch, agus gach aon ní eile, agus bhí an oidhche aige ag teacht abhaile. Nuair a bhí sé ag dul suas cnoch Tráiglí bhuail bhean áluinn leis agus d'fiafruigh sé dí, í do thógaint suas san cár-cliathánach.
Do stop an fear an chapall agus shuid an bhean anaiche leis.
Nuair chuir an bhean a lámha ar an carr bhí fhios ag an bhfear nách lámhbean a bhí acht lámh fir, mar bhí a lámh mór, ach is amhlaid a bhí éadaigh bean air.
Bhí scannradh ar an bhfear mar bhí 300 púnt na phóca aige.
Bhi sé ag cúineamh cad a b'fheárr leis a déanamh.
Bhí gaoth mhór ann agus do caith an fear a hata uaidh.
Dúbhairt sé leis an bhean dul amach cun a hata d'fhághail. D'fhágh sí an ciseán isthig san cárr. Nuair a chuaidh sí amach chun an hata d'fhagail do chuir an fear an capall ar cos anáirde agus níor stad sé go dtáinig sé go dtí Caisleán Na Mainge.
Nuair a tháinigh sé go dtí an áit sin d'oscail sé an ciseán.
Cad a bhí ashthig ann acht dhá gunna agus urcair.
Ní h-aon bhean a bhí ann acht bitheamhnach a bhí ann cun é do mharbú agus a cuidh airgead dfháil uaidh.
Ceap sé ná raibh fhios ag aoinne go raibh an t-airgeadh acht an cléirach bainc a thug an t-airgead dó.Diarmuid O Gealbháin.
12adh lá Mí na Nodhlag. 1928. Rang V.
Fuaireas é seo:- o
Micheál O Gealbháin. 48 bl.
Cromán, Cill-orglan.- Collector
- Diarmuid O Gealbháin
- Gender
- Male
- Informant
- Miceál O Gealbháin
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Address
- Cromane Upper, Co. Kerry