School: Cromán (B.) (roll number 12820)

Location:
Cromane, Co. Kerry
Teacher:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 135

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 135

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromán (B.)
  2. XML Page 135
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí bean ann fadó agus bhí bó amháin aici.
    Bhí sí ag bailiú úachtar ar feadh seachtamaine agus bhí an toban geall leis bheith lán aici.
    Do chuaid franncach isteach ann I gan fhios dí.
    Aon maidin amháin nuair a bhí sí ag dul isteach leis an úachtair chonnaich sí an franncach ag snámh tímcheall an tobán, agus chuir sí a lámh isteach ann agus thóg sí amach é.
    Do thosnuig sí ar a cheann agus do líarach sí ó cheann go h-eirbeall é, agus déirfeadh sí leis “tagaidh arís chúgam agus arís eile, led’ dhá phadláighín do shúl agus led stúimpín eirbeall” agus ansann bhuail sí i gcoinibh an bhfalla é, agus marbhuig sí é.
    Muiris Ó Gríbhthín, Glaise, VII ad Rang.
    Fuaireas é seo ó Mícheál Ó Téacháin,
    Glaise, 73 bl d’aois.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    2. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    3. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Folktales index
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Language
    Irish
    Collector
    Muiris Ó Gríbhthín
    Gender
    Male
    Address
    Cromane Upper, Co. Kerry
    Informant
    Mícheál Ó Téacháin
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Cromane Upper, Co. Kerry
  2. Uair amháin fadó bhí an Gobán Saor agus a mhac ag deanamh caisleain bhreagh do dhuine uasal.
    Nuair a bhí an caisleán leath déanta aca, chualaidh an Gobán Saor go raibh sé socruighthe ag an nduine uasal iad do mharbhú, tráthnóna an laé a bheadh an caislean críocnuighthe acu i dtreó ná beadh aon chaisleán eile chómh breágh leis ar fuaid na Tuatha.
    Annsan dubhairt an Gobán Saor leis an nduine uasal go raibh rud éigin aige sa bhaile a bhí ag teastáil uaidh chun an caisleán do chríochnú.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.