Dar le daoine ní ceart do cuid gruaige do ghearadh Dé Luain mar deirtear ná fasfadh sé arís. Ní ceart d'éinne pósadh Dé-hAoine mar dar le daoine bheadh mí-ádh ortha. Dar le daoine dá bpósfa Dé Máirt nó Dé Satharn bheadh rath ort. Dá bhfeictheá isteach i scathán san oidhche dar le daoine d'iomósadh thú i liath. Dar le daoine ní ceart d'aon leanbh dul ar scoil Dé Luain ach fanamhaint go Dé Mairt. Ni ceart móin Dhearg do thabhairt amach as an dtig Dé-hAoine mar a bhíonn duine breoidhte ann mar dar le daoine ní raghadh an duine breóidhte i bhfeabhas in-aon chor.
Caitlín Ní Shéogh An Tullach Uachtar.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »