Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)
- Suíomh:
- Cromane Upper, Co. Kerry
- Múinteoir: Bean Uí Shíodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (C.)
- XML Leathanach 222
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá 'le Bríde:-
Teigheann na buachaillí móra agus na buachaillí beaga tímcheall na h-áite ag bailiú airgid don brídeóig, oidhche lae 'le bríghde.
Bionn siad gleasta suas go deas.
Bíonn aighthe fidhil agus hataí tuighe fé bhunt na brídeóga ortha agus bíonn a gcuid eadaigh clúiduighthe le léinteacha agus eadaighe na mban i dtreó na beadh aithne ar muintir an tíghe ortha.
Bíonn ceól ar siubhal aca agus deinnean siad greas rínnce ins gach tig.
Gheibheann an buachaill ar fé bhúnt na brídeóige an tairgead.
Uaireannta gheibheann siad suas le trí púnt tímcheall na h-áite go léir.
Bíonn oidhche mór aca i dtig éigin annsan. bíonn deoc agus rinnce aca.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirgréad Ní Fhoghladha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Illaunstookagh, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Fhoghladha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Illaunstookagh, Co. Kerry