Lá 'le bríde:- Téidheann scata buachaillí fásta timcheall na h-áite seo. Oidhche lae 'le Bríghdhe agus lá 'le Bríghde leia ag bailiú airgead do'n brídeóig. Uaireanta teidheann na cailíni agus na buachaillí beaga timcheall leis agus bhíonn brideóig aca féin. Is mar so a bhíonn na buachaillí móra gléasta. Bíonn hataí túige agus aighthe fidil ortha bíonn éadaigh bána ór a gcuid éadaigh. Bíonn gléas ceoil ghá seimhint aca. Geibheann siad raol nú sgilling ins gach tig. Oidhche nú dhó 'na dhiadh sin, bíonn oidhche pleisiúrach i dtig éigin. Bionn rinnce ar siubhal acu i rith na h-oidhche agus bíonn deoch acu.
Lá 'le Pádruig:- Bionn an t-seamróig dhá
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »