Is iad so na h-ainmneacha ata ar bóithre na ceanntair:- Bóthar an Phortaig, Bóthar Conchubhair agus Bóthar Screathan. Téigheann Bóthar an Phórtaig ó Glósa go dtí na portachaibh agus téigheann Bóthar Conchubhair ó Bóthar Screathan isteach is an Bóthar atá ag dul go Cill-Drglan. Deineadh leath Bhóthar an Phortaigh ceathraca bliain ó shoin agus deineadh an leath eile ceathracha seacht bliain ó shoin. Deineadh Bóthar Conchubhair ós cionn seachtmhó bliain ach bh i poirsín i Screachan i gcómhnuidhe. Tá cúpla sean-bóthair ann agus tugtar póirsíní ortha. Ta siad i n-úsáid fós. Deineadh cuid des na poirsíní i n aimsin an droch-shaoghail. Bhíodh mná ag obair ar na bóithre.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »