School: Dubhghlas (C.)
- Location:
- Douglas, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín, Bean de Róiste
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gur dóghaidís na cnámha na go gcoimeádadh siad an mí-ádh uatha ar feadh na bliadhna. Siad na cailíní agus na buachaillí óga a bhíodh ag déanamh an spóirt go léir ag rinnce agus ag rinnce agus ag amhránuidheacht. Tagadh na seandaoine ann leis agus bídís ag cainnt agus ag innsint sgéalta. Nuair a bhí dís ag dul abhaile thugaidís sméaróid d'en teine abhaile i dtreo is go mbíodh ath ortha.
Bailighidís le chéile agus geibhidís cóistí. Uaireanta nuair a bhíodh duine bocht ann agus nách féidir leis cóiste d'fhághailt siubhaladh sé ann chun píonós sa bhreis do chur ar féin. Fanaidís ann ar feadh cúpla uaire agus annsan thagaidís abhaile. Thogaidís buidéal d'en uisce abhaile agus usáididís é nuair a bhíodh gádh ann. Bhíodh iachall ortha dul cun faoisdine leis agus Comaoine Naomhtha do glacadh maidin lá ar na mhárach.- Collector
- Eibhlín Ní Cathaláin
- Gender
- Female
- Address
- Laharan, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál S. Ó Chathaláin
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Address
- Laharan, Co. Kerry