School: Dubhghlas (C.)

Location:
Douglas, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín, Bean de Róiste

Filter stories

Back
/ 468 Forward
Resolution: Low | High

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0435, Page 383

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tugaimíd onóir do's na naoimh go léir in Éirinn agus onóirimíd Naomh Bríghidh ar an chéad lá d'Fheabhra. Seo nós a chleactadh buacaillí na h-áite fadó. Bailigheadh sgata díobh le céile i dtig éigin. Gheibheadh siad éadaighe éagsamhlacht agus aghaidhte fidil agus gléasadh siad iad féin.

Ar dtúis socruighidís ar na h-áiteanna i n-a raghadh siad agus an méid díobh a raghadh mór thímpeall. Socruigheadh siad ar an dté a bhíodh mar captain agus an té a bhíodh ag seint ceóil agus mar sin de. Deineadh síad bábóg ansan agus thógadh duine díobhá. Bé sin an duine a bheadh ag lorg an t-airgid. Seo nós eile a cleactadh siad:- Bhailigheadh na sean-daoine fionán agus as an fionán san dheanaidís croiseanna.

ó Seán P. Ó'Dhuigín
Slín,
Cill Orglan

Collector
Síle Máire Ní Dhuígín
Gender
female
Address
Killorglin, Co. Kerry
Informant
Seán P. Ó Dhuigín
Gender
male
Age
86
Address
Killorglin, Co. Kerry
Language
Irish