School: Dubhghlas (C.)

Location:
Douglas, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín, Bean de Róiste
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0435, Page 329

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0435, Page 329

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhghlas (C.)
  2. XML Page 329
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Do chomhnuig beirt bhan iLeathFhearann fado d'árb ainm Eibhlín ní Ghríobhtha.

    (continued from previous page)
    "Cearca go tiugh agus coiligh go fánach,
    Ubh ghrianáin fé bhéal bodhráin.
    Agus cearc"
    Dubhairt sé leo nuair a bhí an méid sin déanta aige gan dul i n-aice leis an nead go ceann dhá lá, agus níor chuadar. Nuair chuadar chun na h-uibhe d'feiscint in diaidh an ama san ní raibh faic sa bhosca mar do ghoid an duine bocht iad go léir.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Bhí tinncéir ag siubhal an bhóthair ó Chromán go Cill Orglan...

    1. Ainm an duine a bhfuaras an t-eolas uaidh: Séan P. Ó Duigín.
    2. A Sheoladh: Slinn, Cill Orglan, Ciarraidhe.
    3. A Aois: - 86 bl.
    “Bhí tinncéir ag siubhal an bhóthair ó Chromán go Cill Orglan, agus bhí sé sg dul thar choill atá i Slinn. Bhí sioc ar an dtalamh agus bhí an t-asal a sleamhnú. Chuaidh sé isteach sa choill agus d'aduigh sé teine agus fuair sé na nidhthe chun na cruidhte do dhéanamh agus do thosnuigh sé ar an obair. Bhí a lán gadhair mór dtímcheall na h-áite agus nuair chonnacadar an teine agus chualadar an gleo do bhaileaghadar i n-a thímcheall agus thosnuigheadar a' liúrigh as a' béiceadh agus seo mar adubhairt an gabha:-
    "I lúibín na coille d'árduigh mé teine
    An áit ba cluthmhara in Éirinn
    Do bhailigh na gadhair isteach ar an ngabha
    Agus chuirfidís cogadh ar an aonach.
    Gobnait ní Dhuigín)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
      2. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Gobnait Ní Dhuigín
    Gender
    Female
    Informant
    Seán P. Ó Duigín
    Gender
    Male
    Address
    Killorglin, Co. Kerry