School: Dubhghlas (C.)

Location:
Douglas, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín, Bean de Róiste
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0435, Page 318

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0435, Page 318

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhghlas (C.)
  2. XML Page 318
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Tráth do chomhnuig fear agus bean i leath-fhearran agus bhíodar pósta le na chéile.

    1. Ainm an duine a bhfuaras an t-eolas uaidh: Mícheál Ó Duigín.
    2. A Sheoladh: Leath-Fearann, Cill Orglan, Ciarraidhe.
    3. A Aois: - 49 bl..
    4. A ghairm-bheatha:- Conghantóir i siopa.
    5. Áit in a tógadh é agus cár chaith sé a shaoghal: Leath-Fearann.
    6. Ainm an duine ó'r chuala seisean an sgéal:- Mícheál Ó Duigín.
    7. Cé mhéid bliadhan ó shoin:- 35 bl.
    8. Aois an duine eile fá'n tráth sin:- 80 bl.
    9. An áit a raibh an duine eile sin in'a chomhnuidhe:- Leath-Fhearann.
    10. An dáta ar a sgríobhadh an sgéal san leabhar seo:- 13/12/'37.
    Tráth do chomhnuig fear agus bean i Leath-Fhearran agus bhíodar pósta le na chéile. Bhí aon mhac amháin aca agus sé an ainm a bhí air ná Gearóid Ó Murchadha. Bhí sé bliadhan is fiche sa chlíabhán, agus annsan d'éirigh sé as lá amháin. Bhí sé istigh in a aonar nuair d'éirigh sé. Tháinig a mháthair isteach agus sé an chéad rud a dhein sí ná an clíabháin do chur i bhfolach.
    D'fhás sé suas agus lá amháin bhí sé 'na sheasamh ar an mhargadh. Tháinig feirmeóir chuige agus do thóg sé é mar buachaill aimsire.
    D'itheadh sé taobh muice, cloch is fiche prátaí i gcóir a dhinnéir, agus trí cístí aráin agus timcheall galún té i gcóir a shúipéir agus an méid chéadhna i gcóir a bhreicfeasta.
    Pé saghas oibre a tugtí dhó bhéadh sé déanta um tráthnóna aige. Lá amháin dubhairt a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhuigín
    Gender
    Female
    Address
    Laharan, Co. Kerry
    Informant
    Mícheál Ó Duigín
    Gender
    Male
    Age
    49
    Occupation
    Cúntóir siopa
    Address
    Laharan, Co. Kerry