School: Dubhghlas (C.)

Location:
Douglas, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín, Bean de Róiste

Filter stories

Back
/ 468 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0435, Page 301

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Rín an ainm atá ar an mbaile fearann ina bhfuilimse im'comnuidhe. Tá sé suidhte tímcheall míle ar an dtaobh thiar thuaidh de Chill Orglan agus téigeann giota de isteach sa leamhan atá ag rith taobh leis.
Sé an brígh atá leis an ainm ná poinnte talmhan atá ag rith amach sa bhfairrge.
Feirmeoir iseadh m'athair go bhfuil sé acra déag ar fhicid talmhan aige. Tá deich bpáirceanna aige. Ní'l sean ainm aige ach ar aon chean amháin díobh. Sin é "Poll Murchadh". Fuair an pháirc sin a ainm ó fhear go raibh tigín beag aige i gcúinne na páirce úd. Nuair a deineadh an bóthar pobluidhe do leagadh an tigín mar do rith an bóthar tré'n áit ina raibh sé 'n a sheasamh. Do chuaidh an fear thar sáile annsan agus tugad an ainm sin ar an áit ó shoin.

(continues on next page)
Collector
Gobnait Ní Chonnchubhair
Gender
female
Address
Reen, Co. Kerry
Informant
Séamus Ó Connchubhair
Gender
male
Age
66
Occupation
feirmeoir
Address
Reen, Co. Kerry
Language
Irish