School: Dubhghlas (B.)

Location:
Douglas, Co. Kerry
Teacher:
Seán Mac Giolla Phádraig
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0435, Page 278

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0435, Page 278

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhghlas (B.)
  2. XML Page 278
  3. XML “Screathan an Fhraoigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Is a bhuachaillí galánta do thug bárr libh go fairsing.
    ó Iarthar gChromáin go port geal na Mainge,
    ó Shíobhraí na Tuatha cé gur mhór é a n’ainm,
    agus ó Dhómhnall na Díle tá ar lucht draoidheachtaí le fada.
    Is a bhuachaillí áilne, is fearr cáil agus teagasc,
    ag sagart is ag bráithre agus pápoí, mar mheasaim,
    leigidh d'on ál nár ghéill riamh d’aon phaidir,
    Ach fág i gCromán iad, ag ithe iascáin is aráin seagail.
    Chaitheadar in áirde í, i mbéal báire agus iad marbh lag,
    Chun go dtabharfaidís an sway leó le linn dul abhaile,
    Bhí ár bfhear-cul-ne ró mhúinte, do thóg sé den talamh í,
    Chuir sé sa tsiubhal í, go lúthmhar mear tapaidh.
    Bhí an scoláirdeach ináirde, agus a dhá láimh ar leathadh aige,
    Á rádh “caith an ball chúgham go dtabharfad abhaile í”.
    Chuir sé a dhá sháil sa bhóthar go ceolmhar mear tapaidh,
    Agus d’fhágadar sa ceo thiar, lucht na gcaipíní breaca.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish