School: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (roll number 15844)
- Location:
- An Baile Dubh, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tímcheall trí cead caoga blíain ó shoin bhí fear na cómhnáide i gCaisleán an Gríarthaifh darab ainm Griarthaigh de h-írdha. Bhí sé na cómhnáide i Caisleán ann. Bhí aon mhac amháin aige darab ainm Aodh Dé h-Órdha. An uair sin bhí taoíseach na cómhnáidhe i paróiste Modhrac. O Mórdha a b-ainm dó agus bíodh é féin agus Gríarthaigh De h-Órdha ag brna céile bhí inghéan óg ag Ó Mórdha Eibhlín ab ainm dí agus bhí sí i grádh le Aodh De Órdha.
Pósadh íad agus thug Aodh a bhean leis go Caisleán an Gríarthaigh í. Nuair a connuic Gríartaigh céirb í do thuit sé i bfanntais ar an dtáirsig. Do cuireadh isteach na leabaidh é ac níor mhair sé abhfhad na dhíaid sin. Bhí ingean óg ag Aodh De h-Órdha leis E|ibhlín ab'ainm dí agus nuair a fhás sí suas bhí sí ana áluinn. An úair sin bhí Lord Grey ag dul go dtí an Dun an Óir ag troid i gcoinníbh no Spainnaig. Cuaird leath dá airm síar trí Abha na Scáil agus tháinig an leath eile an treó sa. Do caitheadar an oidhche i gcaisleán(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Seaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Farrantaun, Co. Kerry