School: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (roll number 15844)
- Location:
- An Baile Dubh, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Séaghda
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I
Cois na trágha seo láimh le barr a' taoide
An fhaid a bheidh an féar a' fás go bráth seadh bead-sa sínte
Nách claoidhte an cás fear dánta ceapadh is laoidhte
Do cur síos sáidhte ins an áit na casfhaidh choidhche
II
'Sí dlíghe na reilge go leigeann gach aoinne isteach
Sí ríaghal na cille ná leigeann sí einne amach
Cáth mar imthig ní tiocfhaidh go deó that n-ais
Is nách truagh-sa an duine ná tuigeann gur cruaidh é an smacht.
III
Beidh mo toiseal san úir go cúmanh faoí luige na leach
'Ge daradaoil dhúbha im' síubal gan ríaghail gan smacht
Mar bhárr ar mo fuadair bead ann súd go deó im' drab
Gan solus im' shúil is gan fúm ach amhain cre agus grean.
IV
Beidh mo chnáma ar an dtulaig is mo chloigeann ansúd fan spéir.
Beidh mo chroide istig lobtha is mo cosa gan(continues on next page)