School: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (roll number 15844)
- Location:
- An Baile Dubh, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Séaghda
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Triur gaisideach a tháinig ón domhain thoir thánadar ag troid le gaisgidig na h-Eirinn - gasgidig Fionn Mac Cumhail. Do bhí fios aige Fionn go rabhadar ag teacht mar bhí gádh do Fionn fios ó h-éinne mar bhí fhios age féinig gan aon nidh a dheanamh ach a mhear a cur na bheal agus brughadh sé an mhear agus bhíod fios aige. Ach sé an tslighe go bhfúair sé an fios. Bhí sé ag rostadh bradán do rígh eile agus dúbhairt an rí mbeadh a cheann bainnte de má leigfeadh ball ruadh ná loisgithe. Núair d'ionntuig sé an breach ar an dilú agus connaic sé an clog ar an breac agus luigh sé a mhear ainias ar an gclog. Cuir sé an mear na bheul annsan agus sin mar fúair sé an fios. Núair a chuala sé go rabhadar cuige cad a dhein sé ach dul isteach i gcliabhán agus bhí sé a luasgadh ag bhean a tighe sa cliabhán agus seo hu leó ar siubhal ag an bhean a tighe a bhi a luasghadh. Thánadar isteach cuiche triur gaisgideach agus d'fiafruig cad ar cá raibh gaisgideac Fionn agus Fionn féinig. Dubhairt sí leo go rabhadar ag fiadhac agus ag fionna cosgairt amuigh dóibh féinig. Cad é an saghas atá sa cliabhán agat ars'siad. Leinbh ráithe ars an t-seanbhan leo. Teasbáin dom é ars an gaisghidheach. Tóg sé an t-eudach dá ceann is dá aghaidh. Cuir sé an mhear 'na bheul go mbrisfheadh sé a corráin agus má cuir beir siad ar a mhéir do. Am baisge go dtainig eagla orta núair a connaiceadar an leanbh ráithe agus é cómh láidir. Gaibh sé amach annsan agus dfíafhruig cad é gaisge a bhíodh a(continues on next page)
- Informant
- Bean Uí Mhuirceartaig
- Gender
- Female
- Address
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Informant
- Seán O Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Mhuiríoch, Co. Kerry