School: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (roll number 15844)
- Location:
- An Baile Dubh, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Séaghda
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá áit i Lios na Mbó Bhán agus sé an ainm atá air ná Cnochán Eagcóir. Tugtar an ainmh sin air mar gheall ar an éagcóir deineadh ann fadó. Níl ann ach paiste beag úainnthe i lár portach ach tá sgéal ionghantach le hinnsint 'n-a thaobh.
Aon Domhnach amháin núair bhí na daoine ar an Aifreann do bhúail bodach isteach i dtig ann agus d'iarr sé aran ar bhean a tíghe. Dúbhairt sí ná raibh aon arán aice ach amháin an císte a bhí ar a dteine.
Sciob sé leis an císte agus dimig sé. Núair tháinig na fir abhaile dinnis sí an sgéal dóibh. Leanadar an bodach agus marbhuidar é. Núair chuala cáirde an bhodaig an méid sin bailuigheadar le chéile agus thánadar i gcoinnibh muinntir lios na Mbó Bhán chun an beart do shásamh. Búaileadh cath catartha agus deirtear gur marbhúigheadh "Seacht gcéad fear gan feasógaibh ortha" san áit sin. Sin é an fáth go dtugtar Cnochán Eagcóir ar an áit.- Informant
- Seamus Ághas
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Address
- Lios na mBóbhán, Co. Kerry