School: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (roll number 14767)
- Location:
- Aughacasla North, Co. Kerry
- Teacher: S. Ó Téacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is minic a chuala mé Seán Ó Súilleabháin (Jackeen Dhomhnaill a leas ainm) ó Chaisleán Griaire, ag cainnt ar amhrán darb' ainm "Bó na Baintrighe." Is amhlaidh a bhí baintreach ana-bhocht ag díol seana-bhó gan mhaitheas. Bhí sé mar nós ag daoine dul go dtí file, chun dána a dhéanamh ag moladh pé rud a bhíodh le díol aca, chun go bhfaghaidis praghas maith air. Chuaidh an bhaintreach go dtí an file a bhí na chomhnuidhe i Lios Cearna, agus dhein se "Bó na Baintrighe" di, ag moladh a bó. Bhíodh Seán Ó Suilleabháin ag cuduí (?) le ceannathóir ime de mhuintear Caomhánaigh a thagadh go dtí an Caisleán, agus dubhairt go gcuirfeadh an ceannathoir iachall ar dhuine éíghean ó Lios Ceárna a t-amhran a radh gach lá go mbíodh se ag ceannach ime, agus go dtabharfadh sé pinginn sa phúnt sa breis ar a chuid ime.Níor fheád Seán ach dhá line de'n amhran a radh dom i.e."Do thabharfadh sí bainne do'n aonach,
Agus im do bhaile Tráíghlí"- Collector
- S. Ó Téacháin
- Gender
- Unknown
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Castlegregory, Co. Kerry