School: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (roll number 14767)
- Location:
- Aughacasla North, Co. Kerry
- Teacher: S. Ó Téacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Murdhuach a thugann muintear na h-áite uirthe. Leath-iasc agus leath-bhean iseadh í. Níl fhios agam an dtagann sí aníos ar na caraigeacha istoidhche agus nír fhéadas a dhéanamh amach cad a bhíonn ar siubhal aice.
Bíonn brat uirthe. Bhí fear in-a chomhnuidhe ins na Macairí uair amháin, agus chuaidh sé go dtí an tráigh. Chonnaic sé Murdhuach 'n-a shuide ar carraig agus dhruid sé suas fé 'na déin agus do rug sé ar a brat. Thug sé an brat abhaile leis agus chuaidh an Murdhuach 'na dhiaidh. Chuir se an brat i bhfolach agus bhí uirthe é do phósadh.
Bhí ceathrar de chlainn aca. Lá amháin bhí an fear ag cuardach i gcóir rud éigin agus fuair sé an brat. Do shnaip an Murdhuach an brat as a láimh agus do chíor sí gruaid na clainne, agus do nigh sí a n-aghaidhthe agus annsan, d'imthigh sí léi. Bhí an fear ana-bhrónach i n-a diaidh. Tá a sinnsear ins na Macairí fós agus tá lapa ar a(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Glanlough North, Co. Kerry
- Informant
- Brighid Bean Uí Cathaláin
- Gender
- Female
- Address
- Glanlough North, Co. Kerry