School: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (roll number 14767)

Location:
Aughacasla North, Co. Kerry
Teacher:
S. Ó Téacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0430, Page 007

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0430, Page 007

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 007
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Caisleán Griaire ainm an baile 'na bhfuil cómhnuidhe orm. Tá sí suidhte i bparóiste Cill Eidhne, i gCorca Dhuibhne. Tá tuairm is naochadh tighthe sa bhaile fé láthair ach nílim cinnte cé mhéid tighthe a bhí ann i n-allóid. Slinn atá ar an bhfurmhór.
    Sé an fáth gur baisteadh an ainm sin ar an áit, ná, gur chuir fear darbh ainm Griaire de Hóra, caisleán mór ar bun ann, na céadta bliain agus na fichidí glún ó shoin. Ag dul tríd an bhaile do shaighdiúirí Cromail, leagadar an caisleán. Nuair a fuair Griaire bás, tugadh Caisleán Griaire ar an áit. Mac Gearailt an sloinneadh is coitcheanta atá san gceanntar.
    Aon duine déag atá ós cionn seachtmhó bliain. Is féidir le cuid aca an Ghaedhluinn a labhairt agus is féidir leó seana-sgéalta d'innisint. Níl a lán sean-fhothrach tighe san áit. Ba ghnáthac le na lán daoine dul go h-America as an gceanntar go dtí tímcheall le deich mbliadhna ó shoin ach ní féidir leo dul anois.
    Níor luadhadh ainm na h-áite in-aon
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Castlegregory, Co. Kerry
    Collector
    Síghle Uí Cheinnéide
    Gender
    Female
    Address
    Castlegregory, Co. Kerry